Fiadhúlra

Flora

Gné de na coillte is ea an speiceas Hiberno-lusitanian mar a thugtar air. Tá dáileadh neamhghnách ag na plandaí seo sa mhéid is go bhfuil siad le fáil beagnach go hiomlán in iardheisceart na hÉireann agus in áiteanna i dtuaisceart na Spáinne agus na Portaingéile. I measc na speiceas sa ghrúpa seo tá dhá speiceas saxifraga, Cabáiste an mhadra rua (Saxifraga spathularis) agus an mórán giobach (Saxifraga hirsuta), bainne caoin (Euphorbia hyberna) agus leith uisce (Pinguicula grandiflora). Faightear an speiceas deiridh i limistéir phortaigh. Tá an caithne (Arbutus unedo) ar cheann de na plandaí is cáiliúla sa ghrúpa seo, atá ar fáil chomh fada le limistéar na Meánmhara. I gcoillte an Ghleanna Ghairbh tá sé le fáil ar lomáin charraigeacha, agus ceann suite in aice le hionad faire Lady Bantry.

Tá magairlín coillearnaí neamhchoitianta, an cuaichín caol (Cephalantera longifolia) le fáil ag suíomh amháin sa choill. Tá an speiceas seo chomh neamhchoitianta sin go bhfuil sé liostaithe i Leabhar Dearg Sonraí na hÉireann.

Tá na coillte suntasach freisin mar gheall ar láithreacht roinnt speiceas neamhchoitianta den fhungas Myxomycete, is é sin Echinostelium colliculosum, Cribraria tenella, Arcyria affinis, Stemonitis nigrescens, Symphytocarpus impexus, Fuligo muscorum, Diderma deplanatum agus D. lucidum.

Tagraíonn an chuid a bhaineann le gnáthóga do go leor de na speicis phlandaí a fhaightear go coitianta sa choill.


Fána

Mamaigh

Ialtóga

Ag breacadh an lae b’fhéidir go bhfeicfeá ialtóga ag eitilt timpeall ar réitigh na coillearnaí, feadh na gconairí nó feadh na n-aibhneacha. Taifeadadh seacht speiceas ialtóg i gceantar an Ghleanna Ghairbh, agus is é an chrú-ialtóg bheag an ceann is suntasaí. Tá an speiceas seo liostaithe in Iarscríbhinn II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga agus is fearr leis limistéir choillearnaí in iardheisceart na hÉireann go háirithe. Tá roinnt faraí crú-ialtóg bheag sa anaclann dúlra agus timpeall air, lena n-áirítear roinnt faraí geimhridh (hibernacula) a cruthaíodh go speisialta do na hialtóga.

I measc na speiceas eile ialtóg a fhaightear san anaclann tá ialtóg Daubenton (le feiceáil feadh na haibhneacha), ialtóg fhadchluasach, ialtóg fheascrach, ialtóg shopránach, ialtóg Leisler agus ialtóg Natterer.

Mamaigh eile

Tá madraí uisce coitianta sa cheantar ach bíonn siad cúthail agus faiteach. Faightear a gcuid ‘pointí caca’, áit a bhfágann siad a mbualtrach chun críocha a mharcáil, feadh bhruach na habhann. Is mó seans go bhfeicfeá minc, ar speiceas de chuid Mheiriceá Thuaidh é a scaip sa cheantar roinnt blianta ó shin. Tá an cat crainn cosúil leis an minc ó thaobh méide de, inaitheanta ón minc mar gheall ar a ‘bhrollach buí uachtair’. Tá an cat crainn ag teacht ar ais san anaclann le blianta beaga anuas.

Déanann easóga a dtithe i mballaí agus de ghnáth bíonn cóta deargdhonn orthu agus barr dubh ar a n-eireabaill. Tá na heasóga an-fhiosrach agus má fheiceann tú ceann is féidir é a mhealladh ón gclúdach de ghnáth ach torann bíogarnaí a dhéanamh. Tá méid agus dath comhchosúil ag an iora rua ach tá eireabaill tuibha saintréitheacha acu. Is maith leis na hioraí limistéir na hAnaclanna a bhfuil péine Albanach nó coll go háirithe iontu.

I measc na mamaigh eile atá san Anaclann tá sionnach, broc, fia Seapánach, gabhair fia, giorria, gráinneog, luch fhéir agus vól bruaigh.

Éin

Cothaíonn an choillearnach pobail shaintréitheacha éan, agus is iad an rí rua, an spideog agus meantáin ar na speicis pórúcháin is coitianta. San earrach tagann ceolaire sailí agus tiuf-teaf ón Afraic chun pórú sna coillte agus cuireann imircigh an tsamhraidh leis an daonra den chaipín dubh, cuid acu a dhéanann geimhriú san iardheisceart.

Tá roinnt speiceas de mhuintir na préachán le fáil, lena n-áirítear an scréachóg ildaite agus glórach. San fhómhar cothaíonn na héin seo iad féin ar dhearcán atá tite ar an talamh. Go déanach san fhómhar tagann imircigh isteach ó Chríoch Lochlann, mar shampla sacán agus deargán sneachta, agus itheann siad na caora coillearnaí.

Feadh na habhann feicfidh tú éin ar nós glasóga agus an gabha dubh so-aitheanta, lena bhrollach bán agus an nós atá aige a bheith ag bogadach agus é ina luí ar charraigeacha i lár an tsrutha. B’fhéidir go mbeadh an t-ádh leat freisin splanc iontach gorm a fheiceáil agus cruidín ag imeacht tharat ar luas lasrach.

Bígí ag faire amach d’eitilt mhall an ulchabháin fadchluasach a neadaíonn sa bpéine Albanach chomh maith leis an gcreabhar, cuairteoir geimhridh go príomha, a thagann amach le titim na hoíche chun é féin a chothú ar fhéarach oscailte. Seans go bhfeicfeá freisin an cruth taibhseach bán atá ar scréachóg reilige ar thóir na vóil bruaigh.

Amfaibiaigh

Bíonn locháin agus linnte san anaclann plódaithe le glóthach froig agus torbáin ó thús an earraigh agus tacaíonn an anaclann le daonra sláintiúil froganna fásta.

Inveirteabraigh

Tá níos mó speiceas ainmhithe ag an gcrann darach ná aon speiceas crann eile agus tá níos mó ná 200 speiceas feithidí ina gcónaí inti. Tá crainn darach aibí an Ghleanna Ghairbh ina óstaigh ar an t-aon speiceas seangán crannach in Éirinn (Lasius fulginosis). Is eol go bhfanann na coilíneachtaí seangán crannach le crainn aonair ar feadh suas le céad bliain. Tá a bhfána féin ag seanchrainn beithe freisin, ina measc tá an ciaróg fhadadharcach álainn dhubh agus bhuí (Leptura aurulenta). Is ionadaithe iad an seangán crannach agus an ciaróg fhadadharcach ar sheanfhána foraoise na hÉireann atá i bhfad níos lú anois agus, in éineacht le speiceas beach ghabhair (Microdon analis), léiríonn siad bunús ársa na gcoillte seo.

Is gnáthóg iad na portaigh bheaga laistigh den Anaclann do speicis nach bhfaightear ach nuair a thagann coillearnach agus portach le chéile. Ina measc seo tá an dreoilín teaspaigh is mó in Éirinn (Stethophyma grossa), an creabhar capaill liath agus oráiste (Hybomitra muhlfeldi) agus an creabhar capaill is mó in iarthar na hEorpa (Tabanus sudeticus), atá os cionn 2.5 cm ar fad.

Cuireann gnáthóga uisceacha na hAnaclanna leis an éagsúlacht fána. Cothaíonn na haibhneacha diúilicíní péarla fionnuisce (Margaritifera margaritifera), speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Is féidir leis an diúilicín péarla maireachtáil suas le 130 bliain d’aois, rud a fhágann gurb é an t-ainmhí is faide a mhaireann in Éirinn é. Ceanglaíonn larbhaí na ndiúilicíní (glochidia) iad féin le geolbhaigh speiceas iasc salmainid. Titeann an glochidia amach tar éis roinnt míonna agus socraíonn sé laistigh de leapacha gairbhéil áit ar féidir leis na diúilicíní forbairt go dtí lánaibíocht.

Tacaíonn an dá loch a bhaineann leis an Anaclann Dúlra le raon leathan de shnáthaidí móra agus de bhrídeoga, lena n-áirítear an smaragaid umha-dhaite (Cordulea aenea). In áiteanna eile in Éirinn níl an speiceas seo ar eolas ach i gCill Airne.

Speiceas inveirteabrach le dáileadh cosúil leis an speiceas planda Hiberno-lusitanian is ea an drúchtín ballach (Geomalacus maculosus). Níl eolas ar an speiceas seo ach in iardheisceart na hÉireann agus in iarthuaisceart leithinis na hIbéire. Dorcha le spotaí sainiúla uachtair, is féidir an seilide a fháil ag innilt ar léicin ar charraigeacha nó ar stocaí crann le linn aimsir thaise. Díreach cosúil leis na diúilicíní péarla fionnuisce (Margaritifera margaritifera), tá an drúchtín ballach liostaithe in Iarscríbhinn II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga.

I measc na féileacáin a taifeadadh sa Anaclann Dúlra tá an fritileán geal (Argynnis paphia), an stiallach uaine (Callophrys rubi), an stiallach corcra (Quercusia quercus), fraochán mór (Coenonympha tullia) agus gormán cuilinn (Celastrina argiolus).

Iasc

Tá speicis ar nós bradán agus breac in aibhneacha na hAnaclainne. Tá ceadanna iascaireachta ar fáil sa sráidbhaile.