Anaclann Dúlra an Ghleanna Ghairbh

Tagann an t-ainm Glengarriff ón nGleann Garbh a aistrítear mar ghleann garbh nó creagach. Tá Tearmann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh lonnaithe ar shuíomh iontach, agus na coillte suite sa ghleann fothain ag oscailt amach go dtí Cuan an Ghleanna Ghairbh. Os cionn na gcoillte tá Sléibhte na Ceachan, lena sraitheanna drámatúla de charraigeacha rite.

Clúdaíonn Anaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh thart ar 300 heicteár, agus is iad na gnáthóga ceannasacha ná seanchoillearnach darach agus coillearnach óg atá ag athghiniúint i limistéir a bhfuil buaircínigh neamhdhúchasacha glanta amach as le cúpla bliain anuas. Tá na coillte ar cheann de na samplaí is fearr de choillearnach dair ghaelach aigéanach in Éirinn, á rátáil chomh tábhachtach ar a laghad le doirí Chill Airne. Tá an Anaclann Dúlra ina chuid de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) Chuan agus Choillearnacha an Ghleanna Ghairbh atá i bhfad níos mó.

Bhí na coillte mar chuid d'eastát an Tiarna Bantry, ach tugadh don Stát iad in 1955 chun críocha foraoiseachta. In 1991, áfach, ainmníodh na coillte mar Anaclann Dúlra agus tá an choillearnach anois faoi úinéireacht agus faoi bhainistiú an NPWS chun críocha caomhnaithe agus taitneamhachta go príomha.