Téigh ar cuairt

Anaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh
An Gleann Garbh
Co. Chorcaí
Éire
Fón: + 353 27 63636
Ríomhphost: glengarriffnaturereserve@npws.gov.ie

Anaclann Dúlra an Ghleanna Ghairbh

Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra freagrach as caomhnú agus cosaint oidhreacht nádúrtha na hÉireann. Faoi théarmaí an Achta um Fhiadhúlra 1976 agus na Rialachán um Ghnáthóga, bunaíodh gréasán ar fud na tíre d’Anaclanna Dúlra, de Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SACanna), de Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAanna) agus de Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHAnna).

Ainmníodh Anaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh in 1991 agus tá sé á bhainistiú agus faoi úinéireacht an NPWS. Áirítear ar an bhfoireann atá lonnaithe sa Anaclann Dúlra Maor Caomhantais agus triúr Oibrithe Ginearálta.

Conas an áit a shroicheadh

Tá an bealach isteach go hAnaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh suite timpeall 1km ó shráidbhaile an Ghleanna Ghairbh, Co. Chorcaí, ar Bhóthar Neidín (N17). Tá raon de chonairí siúlóide agus láithreacha picnice sa Anaclann Dúlra. Níl aon áiseanna leithris ann.

Cead isteach

Tá cead isteach chuig an Anaclann Dúlra saor in aisce agus bíonn an Anaclann ar oscailt gach lá i rith na bliana.

Léarscáileanna & Treoirleabhar

Tá bileog eolais ann faoi Anaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh: Conair siúlóide in Anaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh (cur síos ar chúig shiúlóid). Tá an bhileog eolais ar fáil ó na hOifigí Turasóireachta sa Ghleann Garbh nó ó bhosca bileoige i gcarrchlós an Anaclann Dúlra nó anseo le híoslódáil > Bileog eolais chonair siúlóide an Ghleanna Ghairbh

Aeráid

Tá tionchar mór ar aeráid an Ghleanna Ghairbh ag a chóngaracht don Atlantach agus do Shruth na Murascaille. Is gnách go dtugann sruthanna teo farraige aimsir mheasartha bhog, thais chuig an iardheisceart. Is annamh a bhíonn sioc ann, is í an mheánteocht laethúil ná 10.5°C agus is gnách go mbíonn an meánbháistí thart ar 2000mm in aghaidh na bliana.

Cód Iompraíochta

  • Tabhair leat do chuid bruscar go léir as an Anaclann Dúlra le do thoil
  • Ná pioc bláthanna agus ná déan damáiste do phlandaí. Fág iad le go mbainfidh daoine eile taitneamh astu.
  • Coinnigh madraí go daingean faoi smacht, le do thoil. Cuirfidh a mboladh eagla ar an bhfiadhúlra agus laghdóidh sé an seans go bhfeicfidh tú ainmhithe.
  • Ná cuir isteach ar aon ainmhí nó éan agus ná gortaigh iad. Tá an fiadhúlra faoi dhianchosaint.
  • Ná las tine le do thoil. Is furasta tine a lasadh, ach tá sé i bhfad níos deacra í a mhúchadh nuair a théann sí as smacht.
  • Ná bí ag marcaíocht ar rothair ná ar chapaill ar na cosáin. Déantar é seo chun sábháilteacht coisithe a chinntiú.