Fíricí faoin Iolar Mara

Iolar mara fásta sa Ghleann Garbh

Iolar mara fásta sa Ghleann Garbh (Tim Squire).

Ainm Gaeilge:

Iolar mara

Cur síos

Dath donn atá ar an Iolar Mara fásta (Haliaeetus albicilla) agus bíonn cloigeann geal agus eireaball bán suntasach air. Is é an t-éan creiche is mó in Éirinn é agus réise sciathán suas le 2.4m aige. Tá an t-éan baineann timpeall trí huaire níos mó ná an ceann fireann, agus í thart ar 6kg i gcomparáid leis an meánmheáchan thart ar 4kg a bhíonn sa cheann fireann. Tá dath donn níos dorcha ar na héin óga ná mar atá ar an gcuid fásta agus ní bhíonn an t-eireaball bán orthu go dtí go mbíonn siad 3-4 bliana d’aois. Is féidir leis na hiolair mhara maireachtáil ar feadh breis agus fiche bliain.

Pórúchán

Tagann an tIolar Mara in aibíocht gnéis nuair atá sé 4-5 bliana d’aois. Is minic go mbíonn éin óga ag taisteal go fairsing, ach nuair a chúplálann siad cuireann siad fúthu i gceantar áirithe. Is féidir leo nead a dhéanamh i gcrainn, ar aillte nó ar an talamh fiú, ach is i gcrainn a bhí na neadacha uile in Éirinn go dtí seo. Is ionann an nead nó an soipín iolair agus struchtúr mór cipíní a thógann an t-éan fireann agus an t-éan baineann le chéile. Beirtear na huibheacha i mí an Mhárta nó ag tús mhí Aibreáin, tógann sé 35-38 lá go dtí go dtagann na héin óga astu, agus glacann an dá éan fásta dualgais ghoir orthu féin.

Tá an t-éan óg clúmhach leochaileach go maith i rith na chéad chúig seachtaine, agus déanann na tuismitheoirí é a ghoradh go dtí go mbíonn sé in ann a theocht féin a rialú. Ag an tús, beathaíonn na héin fhásta na héin óga le ruainní beaga feola ach de réir mar a théann na héin óga in aibíocht, ligeann na héin fhásta uathu earraí iomlána creiche isteach sa nead agus fágann siad na héin óga chun iad féin a bheathú. De réir a chéile, fásann cleití eitilte dúdhonna ar na héin óga, agus is iondúil go dtarlaíonn an cleitiú seo tar éis 10-13 seachtaine. Leanann na tuismitheoirí dá ilríní óga a bheathú go ceann 2-3 mí go dtí go bhfoghlaimíonn siad chun tabhairt faoin sealgaireacht iad féin agus go bhfágann siad an ceantar dúchais.

Aiste Bia

Tá taifead déanta d’iolair mhara in Éirinn agus réimse leathan creiche á fáil acu, lena n-áirítear éisc mhuirí agus éisc fhionnuisce, éin uisce, éin mhara, giorriacha agus mamaigh eile. Bíonn siad ag scrobláil ar réimse leathan ainmhithe marbh freisin lena n-áirítear rónta, fianna agus caoirigh.

Líon reatha na nIolar

Amhail deireadh na bliana 2017, bhí 10 péire iolar mara in Éirinn, go bhfios dúinn, agus 21 éan óg acu go dtí seo. Tá na péirí scaipthe amach ar fud Chorcaí, Chiarraí, an Chláir agus na Gaillimhe.

Bagairtí

Tá nimhiú ar cheann de na mórfhadhbanna a bhíonn roimh iolair in Éirinn, agus tuigtear gurb é nimhiú is cúis le breis is 50% de bhásanna na n-iolar. Ar na siocracha báis eile arb iad duine is cúis leo, áirítear lámhach agus tuairt le tuirbíní gaoithe. Ó thaobh siocracha nádúrtha báis, bhásaigh éan amháin a fuair a chuid clúimh le déanaí den ocras, is cosúil gur mharaigh iolar eile éan fásta amháin, agus fuair dhá éan ar a laghad bás de dheasca fhliú na n-éan.

Féach ar bheoshruth den nead agus ar ghearrthóga físe.