Stair

Stair Anaclann Dúlra Choill an Ghleanna Ghairbh

Ag dtús an 17ú haois, bhí na coillearnacha timpeall ar an nGleann Garbh fairsing, agus is faoina bhfoscadh a chuaigh O’Sullivan Bear amach lena lucht leanúna go luath in 1602 ar a mháirseáil fhada chun deoraíocht i Liatroim tar éis chliseadh arm na nGael ag Cath Chionn tSáile.

Sa chéad leath den 18ú haois rinneadh barrscoitheadh adhmaid chun gualach a tháirgeadh don bhruithneoir iarainn áitiúil. Sa bhliain 1751 bhí na coillte mar chuid d’eastát mhuintir White, úinéirí Theach Bheanntraí. Go luath san ochtú céad déag thóg muintir White lóiste seilge ceann tuí i lár na gcoillte, bhunaigh siad páirc fianna agus d’fhostaigh siad maor géim. Le linn mhaoirseacht White is cosúil go raibh na coillte cosanta ó shaothrú den chuid is mó agus tugann taifid chomhaimseartha le fios nach ndearnadh na coillte riamh a scriosadh ar nós go leor coillte eile in Éirinn.

Rinne muintir White roinnt plandála foraoiseachta. Mar shampla, chuir Dara Iarla Bheanntraí péine Albanach (a allmhairíodh as Albain) sa bhliain 1857 agus chuir an 4ú hIarla 7 heicteár eile sa bhliain 1887. Tá cuid de na péine Albanacha a chuir siad fós le feiceáil inniu.

Sa bhliain 1955, fuair an stát 380ha de na coillte chun críocha foraoiseacht tráchtála agus cuireadh buaircínigh go forleathan agus leagadh go leor de na daracha is sine nó gearradh fáinne orthu. Sna 1970idí, aithníodh luach caomhantais na limistéar darach a bhí fágtha agus cuireadh an moladh maidir le hAnaclann Dúlra chun cinn. Sa bhliain 1991, ainmníodh 301 heicteár faoi dheireadh mar Anaclann Dúlra, atá anois faoi úinéireacht agus faoi bhainistiú na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra.