Geolaíocht

Is í an tSean-Ghaineamhchloch Rua an charraig is mó, ar carraig dhríodair í ón tréimhse Dheavónach (timpeall 350 milliún roimhe seo). Tá fianaise ar na próisis oighreacha a mhúnlaigh agus a bhunaigh an gleann atá faoi choillte anois, le feiceáil sna carraigeacha oighear-réidh atá san Anaclann m.sh. ar bhruach thall Shiúlóid na hAbhann.

Athraíonn na hithreacha forluiteacha ó ithreacha donna aigéadacha go hithreacha donna gláracha agus móin.