Stair Iolair an Ghleanna Ghairbh

Péire Iolar an Ghleanna Ghairbh

Péire Iolar an Ghleanna Ghairbh (Peggy O’Sullivan)

Ag deireadh mhí Lúnasa 2012, chonacthas péire iolar óg ar oileán i gCuan an Ghleanna Ghairbh. Rinne an chéad phéire seo, Green D agus Blue J, a nead ag tús na bliana 2013, ach níor rug siad ubh. Níorbh aon ionadh é, mar nach síolraíonn iolair mhara go dtí go mbeidh siad 4 nó 5 bliana d’aois go hiondúil, agus is minic a theipeann ar na chéad iarrachtaí chun síolrú a dhéanamh.

D’imigh Blue J gan tásc gan tuairisc thart ar an Athbhliain in 2014, agus glacadh leis go bhfuair sé bás. Tháinig iolar fireann nua ar an láthair nach mór ar an bpointe, áfach, agus chúpláil sé leis an gceann baineann. In 2014, d’éirigh leo ubh a bhreith ar tháinig éan óg as, ach ar an drochuair, bhásaigh sé nuair a bhí sé coicís d’aois nó mar sin, le linn tréimhse fhíor-dhrochaimsire.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí go maith le cúrsaí in 2015, agus cuireadh clib ar sciathán a n-aon éin óig nuair a bhí sé 9 seachtaine d’aois (sa lár ar dheis sa phictiúr). Faraor, bhásaigh sé tuairim is seachtain i ndiaidh sin. D’fhan na tuismitheoirí leis go ceann chóir a bheith dhá lá, go dtí gur dhreap Allan Mee (Bainisteoir Thionscadal na nIolar Mara) suas chuig an nead chun an corp a fháil. Tháinig sé chun solais de thoradh an scrúdaithe iarbháis gur thacht sé ar

Éan óg á chlibeáil

Éan óg á chlibeáil in 2015 (Tony Nagle)

chuaircín cleití eireabaill coirbhidigh.

Sa bhliain 2016, tharla sé arís gur thóg an péire ilrín fireann amháin. Bhí cineál moill air ó thaobh forbartha de, ach d’éirigh leis cleitiú agus é 14 seachtaine d’aois. Chaith sé cúpla mí timpeall láthair na neide, á bheathú ag a thuismitheoirí, go dtí gur éirigh sé neamhspleách agus gur fhág sé an ceantar i mí na Samhna 2016. Chaith Eddie an-chuid ama i Co. Chiarraí, agus chonacthas é ó na tránna ar Uíbh Ráthach agus ar Chorca Dhuibhne, cuairt chuig na Blascaodaí san áireamh. Ar an drochuair, thángthas ar chorp Eddie i gCorca Dhuibhne in earrach na bliana 2018. Níor deimhníodh cúis a bháis.

Bhí an mí-ádh ag rith leis an bpéire iolar, agus bhásaigh a gcuid ilríní sa bhliain 2017 le linn babhta drochaimsire, gan iad ach thart ar 3 seachtaine d’aois.

Sa bhliain 2018, chuir dhá éan baineann neamhphéireáilte (P agus 7 dot) fúthu cúpla ciliméadar uaidh sin agus rinne siad nead. Chúpláil an fireannach W le ceann amháin acu ar a laghad agus chabhraigh na huibheacha a ghoradh ina nead ar Gharinis agus sa nead nua. Níor bheag an t-éacht é iarracht a dhéanamh dhá nead a choinneáil ag imeacht, agus cé gur tháinig ilrín amach i gceann de na neadacha, ar deireadh thiar, theip ar an dá nead.

Eddie ag eitilt go gairid tar éis dó cleitiú

Eddie ag eitilt go gairid tar éis dó cleitiú in 2016 (Valerie O’Sullivan)

Sa bhliain 2019, chuir ceann den dá bhaineannach nua P an ruaig ar an mbaineannach D a bhí ar Gharinis i dtosach agus rug sí uibheacha ann. Ar an drochuair, bhuail Stoirm Hannah, a bhí dian go maith, cúpla lá tar éis don ilrín teacht amach, agus fuair sé bás. Bhí tionchar an-mhór ag Stoirm Hannah ar líon na n-iolar in Éirinn sa bhliain 2019, agus níor éirigh ach le péire amháin sa tír éan óg a chleitiú.

2020? Tá súil le Dia againn!

Féach ar bheoshruth den nead agus ar ghearrthóga físe.